Deir tionscnóirí turas in iarthar na hÉireann go bhfuil gá le tacaíocht éigeandála ón rialtas sara scriosfar an earnáil. Deir an Western Chauffeur Drive Association – atá ionadaíoch ar 48 comhlacht a sholáthraíonn turasanna príobháideacha in iarthar na hÉireann – go bhfuil titim tubaisteach 98% sa ghnó braite ag a chuid ball de dheasca na paindéime.
Deir Rory Brosnan ó Slea Head Tours, comhlacht a chuireann turasanna ar fáil i gCo. Chiarraí, go bhfuil cuid mhaith dos na comhlachtaí in iarthar na tíre ag braith ar chuairteoirí ó Mheiriceá agus mara dtiocfaidh maolú ar shrianta taistil go luath go ndéanfar scrios ar an éarnáil.
Rory agus Eibhlís Brosnan, Slea Head Tours
In iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim tá turasanna fíorúla á dhíol ar líne ag Rory. Tá ard-chaighdeán léirithe ag na scannáin agus iad dírithe ar dhaoine ar mhaith leo teacht go hÉirinn agus nach bhfuil ar a gcumas san a dhéanamh.
"Bhíomar ag féachaint ar na busanna páirceálta lasmuigh do dhoras agus bhí fhios againn go gcaitheamair rud éigin a dhéanamh. Tá an scannán á dhíol again ar bhonn síntiúis agus is slí ana-dheas é blaiseadh d'Éirinn a fháil agus bac ort taisteal anso," a dúirt Eibhlís ní Chearna ó Slea Head Tours.
Deir Aodh Ó Corráin, tiománaí eile, go bhfuil sé thar am ag an rialtas scéimeanna tacaíochta a chur ar fáil do thionscnóirí turas atá i gcruachás, faoi mar atá curtha ar fáil do ghnónna eile in earnáil na turasóireachta:
"Má fhéachann tú ar ostáin agus tithe lóistín tá deontais atosaithe faighte acu agus scéimeanna tacaíochta srianta Covid faighte acu. Táimídne sa Western Chauffeur Drive Association ag plé leis an rialtas le tamall maith anois agus go dtí seo níl aon tacaíocht in aon chor faighte againn."