Ghabh an Teachta Dála Brian Stanley, Sinn Féin leithscéal le baill Choiste na gCuntas Poilbí inniu, faoin teachtaireacht chonspóideach chuir sé ar an gcóras giolcaireachta twitter ag an deireadh seachtaine.
Dúirt an teachta Stanley go bhfuil aifeala air, agus go dtuigeann sé gur ghoill an teachaireacht ar dhaoine.
'Tá caighdeáin áirithe agam' a dúirt sé, 'agus níor shroich mé na caighdeáin sin sa chás seo'.
'Tá aiféala mór orm' a dúirt an Teachta do Laois Uíbh Fhailí.
Aréir, bhí ráite ag Ceann Comhairle na Dála,Seán Ó Fearghaíl, gur chreid sé go gcaithfeadh Teachta Dála Shinn Féin,Brian Stanley 'freagra inchreidte polaitiúil' a thabhairt faoina tvuít conspóideach an deireadh seachtaine seo caite maidir lena thagairt do 2 ionsaí ón IRA.
Dúirt Seán Ó Fearghaíl go raibh' uafás thar na bearta' air go pearsanta faoi shonraí an tvuít a sheol an Teachta Stanley ar na meáin shóisialta.

An Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl
Bhí an tUasal Ó Fearghaíl ag freagairt litir ghearáin ó Chéad Aire Thuaisceart Éireann, Arlene Foster.
'Tá a léithid de tvuít neamhómósach do na híospartaigh agus dá dteaghlaigh, ach ní hamháin sin, seasann sé i gcoinne gach éinne atá ar son an daonlathais ar oileán na hÉireann' a dúirt Seán Ó Fearghaíl.
'Aon fhreagra a thagann ón Uasal Stanley' a dúirt an Ceann Comhairle, 'ba chóir go n-aithneodh sé an masla agus an droch-bhail a d'fhulaing na teaghlaigh a chaill daoine muinteartha leo san ionsaí sin a tharla i Narrow Water, chomh maith le chuile dhuine eile a d'fhulaing le linn na tréimhse 30 bliain foiréigin sa Tuaisceart'.

Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald
'Caithfidh sé an freagra sin a thabhairt chomh luath agus is féidir' a dúirt Seán Ó Fearghaíl.
Ar an gclár raidió 'Today with Claire Byrne' ar RTÉ ar maidin dúírt ceannaire an Lucht Oibre,Alan Kelly áfach gur cheart do Brian Stanley éirí as an gcúram sin.

Ceannaire an Lucht Oibre, Alan Kelly ag iarraidh go n-éireodh Brian Stanley as a chathaoirleacht ar Choiste Oireachtais
Ar an gclár céanna dúirt comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta,Catherine Murphy gur chóir do Shinn Féin píonós a ghearradh ar an teachta Stanley, cé nach ndúirt sí go sonrach go bhfuil sí ag iarraidh air éirí as an gcathaoirleacht atá faoina chúram.

An Pointe,Co.An Dúin tar éis an luíochán a rinne an tIRA i 1979
Inné, dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald nach raibh sé i gceist ag an bpáirtí aon smachtú breise a dhéanamh ar Brian Stanley, i ndiaidh di a rá go raibh an tvuít a phostáil sé faoi ionsaithe Chill Mhíchíl (1920)i gCo.Chorcaigh agus An Pointe i gCo.An Dúin (1979) 'místuama' agus 'éigríonna'.