Le Tomás Ó Mainnín
Tá úinéirí tí i gCo an Chláir ag achainí go gcuirfí iad san áireamh i scéim deontais do thithe atá buailte go dona de bharr brící lochtacha.
Tá scéim chúitimh curtha ar bun ag an Rialtas do thithe i nDún na nGall agus i Maigh Eo, agus maíonn grúpa nuabhunaithe i gCo an Chláir go bhfuil 40 tigh ar a laghad sa chontae sin a bhfuil an fhadhb chéanna ag baint leo.
Thóg Eileen McMahon tigh ar thalamh a muintire i bhFánóir i dtuaisceart an Chláir 30 bliain ó shin.
Tá ballaí an tí ar fad cnagtha anois, áfach.
Deir sí go bhfuil na mílte euro caite aici ag déanamh tástálacha ar an dtigh agus go léiríonn na torthaí gur pirít nó míoca sna bloic is cúis leo a bheith ag briseadh agus ag cnagadh.
Dar léi nach féidir an tigh a dheisiú mar atá agus go gcaithfear é a leagan go talamh.
Deir an Dr Martina Cleary ón ngrúpa nua go bhfuil brící lochtacha ina tigh féin chomh maith.
Cé go bhfuil iarrachtaí déanta aici na scoilteanna a líonadh, a deir sí, osclaíonn siad arís gach uair.
Deir sí go bhfuil sé le feiscint ó na bloic nach bhfuil iontu ach smionagar agus smúit agus go bhfuil siad ag briseadh.
Faoin scéim deontais i nDún na nGall agus i Maigh Eo, clúdaítear 90% de chostas deisithe nó atógála tithe.
Deir an grúpa gnímh i gCo an Chláir nach bhfuil aon chúis nach mbeadh cead acusan iarratas a dhéanamh ar chabhair faoin scéim chéanna.
Tógadh an cheist sa Dáil le déanaí agus thug an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Malcolm Noonan, le fios go mbeadh feidhmeannaigh na Roinne ag obair i gcomhar le Comhairle Contae an Chláir chun an fhadhb a mheas.