Gabhadh fear 65 bliain d'aois i mBéal Feirste inniu maidir le hionsaithe buamála an IRA i mBirmingham sa bhliain 1974 inar maraíodh 21 duine.
Póilíní ó Shasana a ghabh an fear ina theach cónaithe sa chathair. Tá an teach á chuardach mar chuid den fhiosrúchán.
Tuigtear gur i stáisiún póilíní sa Tuaisceart atá an fear á cheastú faoi láthair.
Maraíodh 21 duine agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buamaí in dhá theach tábhairne i mBirmingham i mí na Samhna i 1974.
Chinn coiste cróinéara anuraidh gur foláireamh teileafóin a ndearnadh praiseach de ba chúis leis an moill a bhí ar na póilíní daoine a thabhairt amach as na tithe tábhairne.
Chinn giúiré an choiste cróinéara freisin nach raibh aon locht ar na póilíní agus nach raibh aon eolas faighte acu faoi na buamaí roimh ré.
Ciontaíodh seisear san éagóir mar gheall ar na buamálacha agus chaith siad os cionn cúig bliana déág i bpríosún.