Tá fíneálacha breise €5.5 milliún gearrtha ar an Stát ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar nach bhfuiltear ag cloí fós le caighdeáin chuí chomhshaoil ag mórionad cumhachta gaoithe i nDaraidh Braoin i ndeisceart na Gaillimhe.
Tá €15,000 á ghearradh gach lá ar an Stát le bliain mar gheall ar an bhfaillí seo agus gan aon chosúlacht réitigh ar an scéal.
Tá fíneáil aon uaire €5 mhilliún íoctha cheana féin i mbliana ag an Stát leis an gCoimisiún Eorpach faoi nár cloíodh leis na caighdeáin chuí.
Baineann an cás le 70 tuirbín gaoithe a cuireadh suas ar Shliabh Eachtaí sa bhliain 2003.
Tharla sciorradh mór portaigh ar an sliabh agus an suíomh á réiteach, agus chuaigh na mílte méadar ciúbach de mhóin le fána.
Rinneadh damáiste do thithe, b'éigean bóithre a dhúnadh agus cuireadh as go mór do shaol mhuintir na háite ar feadh i bhfad mar gheall ar an tubaiste.
Fochomhlacht de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais a thóg an t-ionad agus tuigtear go bhfuil siad ag obair ann i gcónaí féachaint leis an suíomh a dhaingniú agus a thabhairt chun críche.