Fógraíodh tráthnóna go bhfuil duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 395 cás nua ann.
Fágann sé seo go bhfuil 1,965 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 66,632 duine ó thús na paindéime.
Tugadh le fios freisin go bhfuil 279 duine san ospidéal le Covid-19, 39 acu san aonad dianchúraim.
Is i mBaile Átha Cliath atá 132 de na 395 cás nua, tá 31 cás i gCorcaigh, 27 i nDún na nGall, 27 i Luimneach, 27 i nGaillimh agus tá an 151 cás eile roinnte idir ocht gcontae dhéag eile.
Tá 65% de na cásanna nua faoi bhun 45 bliain d'aois.
Dearbhaíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil cúig dhuine dhéag eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 548 cás nua ann.
Fágann sé go bhfuil 825 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 45,241 duine ann.