skip to main content

Biden ag teannadh níos gaire don Teach Bán, é chun tosaigh i Georgia anois Pennsylvania anois

Biden chun cinn i Georgia agus Pennsylvania anois
Biden chun cinn i Georgia agus Pennsylvania anois

Tá Joe Biden chun tosaigh ar an Uachtarán Reatha Donald Trump i Georgia agus i Pennsylvania.

Tuairiscíonn Edison Research go bhfuil Joe Biden chun tosaigh ar Donald Trump i Georgia agus comhaireamh déanta ar nach mór 99% de na votaí ann.

Má thugann Joe Biden Georgia leis ní bheidh dóthain vótaí ag Donald Trump chun an Teach Bán a bhaint amach. 

Tá sé ráite ag oifigigh i Georgia áfach go bhfuil gach seans ann go mbeidh athchomhaireamh i Georgia mar go bhfuil cúrsaí chomh teann sin. 

Tá Biden chun tosaigh ar éigean i Nevada agus in Arizona chomh maith.

Tá ríomhphost seolta ag feachtas Trump go dtí a lucht tacaíochta ag rá 'Níl an toghchán seo thart'. 

270 vóta coláiste toghcháin atá ag teastáil chun an Teach Bán a bhaint amach.

Faoi láthair, tá 253 ag Joe Biden agus 214 atá ag a chéile comhraic, an t-uachtarán reatha,Donald Trump ón bpáirtí Poblachtach.

Lucht agóide ag maíomh nach bhfuil cothrom na féinne á fháil ag Trump

Tá neart conspóide tarraingte ag torthaí áirithe, mar a bhíothas ag súil leis.

Tá lucht tacaíochta Donald Trump den bharúil go bhfuil roinnt de na vótaí a caitheadh, neamhbhaillí.

Maíonn Donald Trump féin, gan aon fhianaise mar chrann taca, mura gcomhairtear ach na vótaí atá dleathach, gur aigesan a bheidh toghchán na hUachtaránachta.

Ag labhairt leis na meáin sa Teach Bán tráthnóna aréir, dúirt an tUachtarán Trump nach bhfuil sé i gceist aige géilleadh do Biden.

An baol ann go dtarraingeoidh conspóid seo na vótaí,ainriail agus achrann

'Ach is léir' a dúirt sé 'go bhfuil caimiléireacht ar bun leis an toghchán seo agus iarracht á déanamh é a ghoid uaim'.

'Is í an aidhm atá anois agam, ionracas an toghcháin seo a chosaint' arsa an t-uachtarán reatha.

Thug sé le fios go rachadh sé chun dlí ar mhaithe le stáit áirithe a bhuachan, agus toradh an toghcháin a athrú ina fhábhar. 

'Bhí mé chun cinn i dtús ama' a dúirt an milliúnaí gnó as Nua Eabhrac, 'anois tá an farasbarr a bhí agam á ídiú diaidh ar ndiaidh'.

'Seo mírialtachtaí sa chóras vótála' a dúirt sé 'agus is caimiléireacht atá ar bun lena chinntiú go gcaillfidh mé an toghchán'.

Mar chontrárthacht ar sin, d'iarr Joe Biden ar dhaoine a bheith sócúil, foighneach.

Tá seisean anois dóchasach gurb é a bheidh ina 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM).

Thug sé aitheasc níos túisce sa bhaile a bhfuil cónaí air,Wilmington, Delaware.

Joe Biden ag labhairt le lucht leanúna

77 bliain d'aois atá Biden, agus tuigtear nach dteastaíonn uaidh anois ach 2 stát ar a mhéid leis an Teach Bán a bhaint amach.

Bheadh ar Trump (74 bliain) anois roinnt mhaith stát a bhuachan, agus tuigtear nach dócha go dtarlóidh sé sin.

Tuigtear go láidir go mbuafaidh Biden stáit Nevada agus Arizona, agus go bhfuil an bhearna idir é féin agus Trump i Pennsylvania agus an Georgia á laghdú i gcónaí.

Má éiríonn le Biden Pennsylvania a chrochadh leis deirtear, is eisean a bheidh sa Teach Bán