Tá cead pleanála faighte ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich tigh cónaithe a thógaint ar thalamh a mhuintire i gCorca Dhuibhne.
Tá éirithe le hachomharc go dtí an Bord Pleanála ar chinneadh Chomhairle Contae Chiarraí cead a dhiúltú dó tigh a thógaint i mBaile na bPoc i bparóiste Mórdhach.
Ta cás an cheoltóra i mbéal an phobail le roinnt blianta agus an chluas bhodhar á tabhairt aige d'ordú ón gComhairle Contae tigh a thóg sé ar leantóir leoraí a aistriú amach as an suíomh.
Deir an Chomhairle Contae go bhfuil an tigh neamhdhleathach agus tá tréimhse príosúin agus fíneáil €12 milliún á bhagairt ar an gceoltóir mura n-aistríonn sé amach as an suíomh é.
Tá tús curtha ag an mBeaglaíoch le feachtas atá ag tarrac aird ar pholasaithe pleanála i gceantair Ghaeltachta agus tuaithe.
Le déanaí, chuir sé 235 cros bhán i dtalamh, mar shamhailchomhartha ar bhánú tuaithe, agus d'eagraigh sé agóid lasmuigh de chruinniú na Comhairle Contae i dTrá Lí.
Faoin iarratas is déanaí, tá sé molta ag Ó Beaglaoich tigh aon stóir a thógaint ar an suíomh céanna agus an tigh atá ar leantóir a thógaint as an suíomh.
Ceithre bliana déag atá caite ag Ó Beaglaoich ag iarraidh cead pleanála a fháil do thigh cónaithe i mBaile na bPoc.
Bhí diultaithe ag an údarás áitiúil dá chuid iarratas ar an mbonn, a dúradh, go ndéanfadh forbairt ar an suíomh díobháil do thaobh tíre "fíorleochaileach."