Deir bádóirí i gCo Chiarraí gur dóichí ná fillfidh Fungie ar Chuan an Daingin anois agus an deilf cháiliúil ar iarraidh le breis agus seachtain.

Cé go bhfuil cuardach cuimsitheach déanta ag báid agus tumadóirí, níl aon radharc fachta ar an ndeilf bholgshrónach.

Tá Fungie ag cur fé i mbéal Chuan an Daingin ó 1983 i leith agus tagann na mílte go Corca Dhuibhne gach bliain d'fhonn radharc a fháil ar an ndeilf spraíúil. 

Measann an bitheolaí mara Caoimhín Ó Flannúr go mb’fhéidir go bhfuil Fungie tugtha fén bhfarraige mhór ar thóir bídh ach go bhfuil seans maith ann leis go bhfuil sé básaithe.

Deir an Flannúrach go bhfuil Fungie 45 bliain d’aois ar a laghad agus gur annamh a mhaireann deilfeanna níosa shia ná san. 

Is buille trom easnamh na deilfe ar eacnamaíocht an bhaile.

Tá turais go dtí an deilf á gcur ar fáil ag dhá bhád déag agus leathchéad duine fostaithe iontu. Tá go leor tithe tábhairne, bialanna, siopaí agus tithe lóistín ag brath ar an ngnó a mheallann Fungie chomh maith.

Deir na bádóirí go bhfuilid ag eirí as an gcuardach inniu.