Níl ach aon cheathrú de ghnólachtaí beaga agus meánmhéide na tíre ar líne. Tá feachtas ar bun ag Gnóthais Bheaga agus Mheánacha na hÉireann lena chur ina luí ar ghnólachtaí an tábhacht a bhaineann le gnó ar líne. Deir siad go beidh teacht aniar níos fearr ag comhlachtaí atá ar líne, ná iad siúd atá fós i mbun múnlaí gnó traidisiúnta.  

De réir suirbhé atá déanta ag an gclárlann fearainn.ie, caitheann muintir na hÉireann 16 billiún euro ar tháirgí ar líne chuile bhliain, agus tá níos mo ná leath de na daoine a ceistíodh sásta leanúint ag ceannach ar líne tar éis na paindéime. Tá athrú buan tagtha ar chleachtais chaiteachais na tíre de bharr Covid 19, ach níl ach aon cheathrú de ghnólachtaí beaga agus meánmhéide na tíre ar líne fós.

Deir Gnóthais Bheaga agus Mheánacha na hÉireann go mbeidh teacht aniar níos fearr ag comhlachtaí atá i mbun ghnó ar líne, ná iad siúd atá fós i mbun múnlaí gnó traidisiúnta.  Tá ISME ag moladh dóibh siúd nach bhfuil ar líne fós leas a bhaint as na deontais atá ar fáil le dul ar líne.

Tá traneáil chorporáide á cur ar fáil ag an gcomhlacht EDelia i gCorcaigh.  Deir Rodger Kellegher ón gcomhlacht gur cé go raibh drogall ar an bhfoireann féin agus ar na cliaint leas a bhaint as an idirlíon mar mhódh traneála ar dtús, gur múineann gá seift: ta formhór a gcuid oibre ar líne anois ó aimsir COVID 19.

D'oscail Hazel Hodgins siopa breagáin Toy Corner i Maigh Cuileann i nGaillimh bliain ó shin.  Chruthaigh sí féin suíomh gréasáin toycorner.ie ag tús na dianghlasála i mí an Mhárta, agus tá formhór a cuid gnó ar líne ó shin.

Níl aon dabht ach go bhfuil athruithe fadtéarmacha tagtha ar an saol le Covid - cúrsaí gnó san áireamh.