Tá an méid airgid atá uaidh le chéad eagrán de Bhíobla Bedell a cheannach cóir a bheith bailithe ag leabharlannaí i bPort Láirge.

Aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna atá sa Bhíobla cáiliúil a foilsíodh i dtosach sa bhliain 1685.

Is é Daniel Fleming coimeádaí Leabharlann Cotton in Ardeaglais Naomh Mochua i ndeoise Phrotastúnach an Leasa Mhóir, agus tá sé ag iarraidh an t-eagrán de Bhiobla Bedell a cheannach ó chomhlacht leabhar De Búrca i mBaile Átha Cliath. 

Cheannaigh Éamonn De Búrca an Bíobla ar ceant i Sothebys agus tá sé ar díol aige ar €3,750.

Chomh maith le bheith ina leabharlannaí, is ministir tuata é an Pléimeannach agus is mian leis go mbeadh fáil ag an tréad agus an bpobal trí chéile ar an leabhar naofa. 

Ó foilsíodh scéal ar Tuairisc.ie ag tús na seachtaine faoina fheachtas bailithe airgid, a deir sé, tá neart síntiús breise tagtha isteach. 

Tá os cionn €3,000 bailithe aige cheana féin ar gofundme.com ach deir sé go bhfuil €1,000 eile ag teastáil leis an leabhar a athchóiriú. 

Daniel Fleming, Coimeádaí Leabharlann Cotton

Ba é an tEaspag William Bedell (1571-1642) a shocraigh go n-aistreofaí an Sean-Tiomna go Gaeilge agus cuireadh tús leis an obair thart ar an mbliain 1630. 

Ainneoin chorraíl Éirí Amach na bliana 1641, tháinig lámhscríbhinní Bedell slán agus clóbhuaileadh an leabhar i Londain i 1685. 

Meastar gur priontáladh thart ar 500 cóip agus is ceann acusan atá ar díol ag Éamonn De Búrca.

Leabhar na hUrnaí Coitinne, Leabharlann Cotton

2,000 leabhar atá sa leabharlann in Ardeaglais Naomh Mochua. Ba é Henry Cotton, Déan an Leasa Mhóir idir 1834 agus 1849, a bhunaigh í.

Leabhair dhiagachta, eaglasta, stairiúla agus taistil atá sa bhailiúchán chomh maith le litreacha agus Bíoblaí éagsúla.