skip to main content

Cinneadh gan saighdiúirí a chúisiú faoi Dhomhnach na Fola

Leacht i gcuimhne na marbh i nDoire
Leacht i gcuimhne na marbh i nDoire

Tá gaolta na ndaoine a maraíodh Domhnach na Fola i nDoire sa bhliain 1972 le dúshlán dlíthiúil a thabhairt maidir leis an chinneadh gan an dlí a chur ar chúig shaighdiúir déag faoi eachtraí an lae sin. 

I ndiaidh don tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart athbhreithniú inmheánach a dhéanamh, dúradh ar maidin nach bhfuil go leor fianaise acu le go mbeadh seans réasúnta ann go gciontófaí aon duine de na saighdiúirí. 

Chaith agus mharaigh Arm na Breataine ceithre shibhialtach déag - ógánaigh a bhformhór - i gcathair Dhoire 30 Eanáir 1972. 

Maraíodh iad agus gortaíodh ceithre dhuine dhéag eile nuair a scaoil saighdiúirí ó reisimint na bparatrúpaí le slua a bhí ag glacadh páirte i máirseáil cearta sibhialta. 

Ghabh Rialtas na Breataine leithscéal le gaolta na marbh sa bhliain 2010 as an sléacht i ndiaidh d'fhiorsúchán Saville gniomhartha na saighdiúirí a cháineadh á rá nach raibh aon údar leo.

Ainneoin chinneadh an lae inniu, leanfar le triail duine de na saighdiúirí - Saighdiúir F mar a thugtar air - atá cúisithe i dúnmharú beirte - James Wray agus William McKinney - agus in iarracht cúigear eile a dhúnmharú.