Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuair triúr eile bás leis an ngalar Covid-19 sa Stát le ceithre huaire fichead agus go bhfuil 324 cás nua ann.

Fágann sé go bhfuil 1,797 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 33,994 duine ó thús na paindéime. 

I mBaile Átha Cliath atá 167 den 324 cás nua; tá 42 cás i nDún na nGall; 34 cás i gCorcaigh; trí cinn déag i Muineachán; dhá cheann déag i gCill Dara; ocht gcinn sa Chabhán; sé cinn an ceann i Luimneach, sa Mhí agus Ros Comáin; agus cúig chás i gCill Mhantáin.

Tá an 25 cás eile roinnte idir aon chontae dhéag eile. 

Fógraíodh tráthnóna freisin nár tuairiscíodh aon duine eile a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart le ceithre huaire fichead ach go bhfuil 189 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 577 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 9,950 duine ann.