Bhí cruinnithe ar líne ag ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ó earnáil na teanga le 40 ionad poiblí inniu.

Bhain na cruinnithe le feachtas bliantúil na heagraíochta a dtugann siad #SEAS air. 

Deir an Conradh i ráiteas go bhfuil trí mhóréileamh acu maidir leis an teanga faoi láthair. 

Sin iad maoiniú breise €15 milliún ar a laghad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2021; Bille Teangacha a chinnteodh seirbhís iomlán Ghaeilge ón Stát faoin bhliain 2030; agus polasaí tithíochta don Ghaeltacht mar aon le polasaí oideachais don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil. 

Dar leis an eagraíocht go bhfuil maoiniú breise ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta le fostaíocht a chruthú agus ionas gur féidir leo a bpolasaithe pleanála teanga a fhorbairt. 

Tá an Conradh ag iarraidh fosta go mbainfí leas as maoiniú breise d’Fhoras na Gaeilge le haghaidh tograí cosúil leis an Scéim Pobail Ghaeilge atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta,.

Tá gá, a deir siad, le Bille Teangacha níos láidre a mbeadh sé mar sprioc ann gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% de státseirbhísigh na tíre agus go mbeadh gach seirbhís Stáit ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta faoin bhliain 2030.