Tá imní ar lucht gnó i mBaile Átha Cliath faoin tionchar a bheas ag srianta breise ar chúrsaí trádala sa chathair agus faoina bhfuil i ndán dá ngnóthais atá buailte go dona cheana féin ag an ngéarchéim sláinte.

Labhair roinnt acu le Nuacht RTÉ/TG4 faoin scéal. 

Deir Cathal Ó Conaill, úinéir an chomhlachta Paddywagon Tours, nach bhfuil pingin rua ag teacht isteach aige faoi láthair.  

Bhí 70 bus ar an mbóthar agus 120 duine fostaithe aige sular tháinig an coróinvíreas go hÉirinn. Beirt atá fostaithe anois aige, agus an 70 bus díomhaoin, suite i gcarrchlós ar Bhóthar an Náis.  

Tá sé briste ag an bpaindéim, a deir Cathal. Is cuma cé na srianta a thiocfas i bhfeidhm, a deir sé, go dtí go bhfillfidh turasóirí ar an tír ní bheidh tada aige.  

Is é Conor Clifford úinéir Armoured Performance, ionad aclaíochta i mBaile Formaid. Tá foirne iománaíochta agus camógaíochta Bhaile Átha Cliath faoina chúram.

Bhí seisiúin traenála an gheimhridh le tosú Dé Luain ach, de réir na dtreoirlínte atá le tabhairt isteach, is traenáil aonarach amháin a bheas ceadaithe in ionaid aclaíochta.  

Conor Clifford

Deir Conor go mbeidh athruithe móra ar phlean traenála na bhfoirne dá réir. 

Tá súil aige, a deir sé, nach mbeidh aon tionchar ag na srianta nua ar bhallraíocht an ionaid.

Deir Ciarán Mac an Bhaird agus Deirdre Carroll ó dhánlann an Doorway Gallery ar Shráid Fhreidric Theas i lár Bhaile Átha Cliath go bhfuil laghdú suntasach ar chustaiméirí ó thús na paindéime. Ar líne a dhéanann siad formhór a gcuid gnó faoi láthair.

De réir na dtreoirlínte nua, dúnfar músaeim agus gailearaithe poiblí. Tá a ngailearaí príobháideach cóngarach don Ghailearaí Náisiúnta, agus beidh a n-áit féin thíos leis de bharr na srianta breise.

Dylan Leon

Tá Dylan Leon ina bhainisteoir ar áirithintí sa bhialann Glovers Alley ar Fhaiche Stiabhna.

Deir sé go bhfuil 50% de na háirithintí a bhí acu don deireadh seachtaine curtha ar ceal le lá nó dhó.  

Cé nach bhfuil aon fhógra déanta ag an Rialtas fós, deir sé go bhfuil daoine ag glacadh leis go bhfuil siad ar na bacáin.

Deir Dylan go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis na srianta breise seo, agus go bhfuil sé sin ag coinneáil daoine ón doras.

Aifric Ní Ruairc

Deir Aifric Ní Ruairc ó Amharclann an Axis i mBaile Munna go mbeidh seónna san amharclann curtha ar ceal nuair a thagann na srianta i bhfeidhm.

Tá éiginnteacht ann faoi imeachtaí cultúir a bhí beartaithe san amharclann don oíche amárach chomh maith.