Tá fógra scoir faighte ag 20 duine atá fostaithe sa chomhlacht Planet Payment in eastát tionsclaíochta na Tulaí i mBaile na hAbhann, Co na Gaillimhe.
Tuigtear gurb í an titim thubaisteach i dtionscal na turasóireachta agus sa taisteal idirnáisiúnta le sé mhí de bharr Covid-19 is cúis leis na poist a bheith á gcailleadh.
Caillfidh cúigear den fhoireann atá ag an chomhlacht i gcathair na Gaillimhe a gcuid post chomh maith.
Tá Planet Payment, nó Fintrax mar a bhí orthu go dtí 2018, ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhan a dhéanann próiseáil ar aisíocaíochtaí Cháin Bhreis Luacha do thurasóirí.
Tá láthair ag an chomhlacht, a bhunaigh an Gaillimheach Gerry Barry i 1985, ar an Tulaigh le 30 bliain. Bhí 80 fostaithe ann ag tráth amháin.
Tá iarrtha ag Coiste Pobail na Tulaí go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta gach iarracht fostaíocht a chur ar fáil sa cheantar.
Dúirt Kathleen Uí Chonghaile nach fada go mbeidh an t-eastát, a raibh 300 duine ag obair ann tráth, tréigthe go hiomlán.
Dúirt sí gur cosúil gurb é an coróinvíreas is cúis leis na poist seo a bheith á gcailleadh ach nach é a rinne an dochar i gcás dhá chomhlacht eile san áit, HID Global ag Zenith.
Bhí 300 duine ag obair i gcliant-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar an Tulaigh tráth den saol.
I mí Feabhra anuraidh, d'aistrigh HID Global a gcuid oibre agus 100 post isteach go cathair na Gaillimhe.
Ní raibh an tÚdarás ábalta a rá le Nuacht RTÉ/TG4 cé mhéad comhlacht agus post a bheidh fágtha ar an Tulaigh nuair a laghdófar an fhoireann in Planet Payment.
Ach dúirt siad go bhfuil an tÚdarás ar theann a ndíchill ag iarraidh réimsí agus earnálacha fóirsteanacha a aimsiú le fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta uile, eastát na Tulaí i mBaile na hAbhann ina measc.