skip to main content

20 duine lena bpoist a chailleadh i nGaeltacht na Gaillimhe

Planet Payment ar an Tulaigh
Planet Payment ar an Tulaigh

Tá fógra scoir faighte ag 20 duine atá fostaithe sa chomhlacht Planet Payment in eastát tionsclaíochta na Tulaí i mBaile na hAbhann, Co na Gaillimhe.

Tuigtear gurb í an titim thubaisteach i dtionscal na turasóireachta agus sa taisteal idirnáisiúnta le sé mhí de bharr Covid-19 is cúis leis na poist a bheith á gcailleadh.

Caillfidh cúigear den fhoireann atá ag an chomhlacht i gcathair na Gaillimhe a gcuid post chomh maith. 

Tá Planet Payment, nó Fintrax mar a bhí orthu go dtí 2018, ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhan a dhéanann próiseáil ar aisíocaíochtaí Cháin Bhreis Luacha do thurasóirí.

Tá láthair ag an chomhlacht, a bhunaigh an Gaillimheach Gerry Barry i 1985, ar an Tulaigh le 30 bliain. Bhí 80 fostaithe ann ag tráth amháin.

Tá iarrtha ag Coiste Pobail na Tulaí go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta gach iarracht fostaíocht a chur ar fáil sa cheantar.

Dúirt Kathleen Uí Chonghaile nach fada go mbeidh an t-eastát, a raibh 300 duine ag obair ann tráth, tréigthe go hiomlán.

Dúirt sí gur cosúil gurb é an coróinvíreas is cúis leis na poist seo a bheith á gcailleadh ach nach é a rinne an dochar i gcás dhá chomhlacht eile san áit, HID Global ag Zenith.

Bhí 300 duine ag obair i gcliant-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar an Tulaigh tráth den saol.

I mí Feabhra anuraidh, d'aistrigh HID Global a gcuid oibre agus 100 post isteach go cathair na Gaillimhe.

Ní raibh an tÚdarás ábalta a rá le Nuacht RTÉ/TG4 cé mhéad comhlacht agus post a bheidh fágtha ar an Tulaigh nuair a laghdófar an fhoireann in Planet Payment.

Ach dúirt siad go bhfuil an tÚdarás ar theann a ndíchill ag iarraidh réimsí agus earnálacha fóirsteanacha a aimsiú le fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta uile, eastát na Tulaí i mBaile na hAbhann ina measc.