Léiríonn suirbhé a rinneadh thar ceann Chumann Cúraim Sláinte na hÉireann don Chógaisíocht nach mbeadh duine as ceathrar sásta vacsaín in aghaidh an ghalair Covid-19 a fháil dá dtiocfadh a leithéid ar an margadh.
Ceistíodh beagnach 1,000 duine i mí Iúil faoin scéal.
Le go mbeadh rath ar vacsaín, níor mhór do thriúr as gach ceathrar é a fháil.
De réir an tsuirbhé a rinne lucht margaíochta Ipsos MRBI, is daoine os cionn 55 bliain d'aois is mó a bheadh sásta vacsaín a fháil.
Easpa eolais agus an drochlorg a cheapann daoine a d'fhéadfadh vacsaín fágáil orthu an dá chúis is mó a chuirfeadh bac ar dhaoine é a fháil.
Jim McGrath "dóchasach faoi vacsaín"
Is é Jim McGrath stiúrthóir polasaí tráchtála Chumann Cúraim Sláinte na hÉireann don Chógaisíocht agus dúirt sé le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil dóchas aige go mbeidh vacsaín in aghaidh Covid-19 ar fáil faoi thús an tsamhraidh seo chugainn.
Tá amhras fós air mar sin féin, a dúirt sé, de bharr go nglacann sé idir cúig agus deich mbliana de ghnáth vacsaín a aimsiú.
Tá sé mhórchomhlacht cógaisíochta ag obair ar vacsaín faoi láthair. As a measc, is ag Pfizer agus AstraZeneca atá na hacmhainní taighde agus táirgíochta is mó.
Tá muinín ag Jim McGrath go gcloífear le próiseas docht sábháilteachta agus rialála sula gcuirfear vacsaín ar an margadh.
Ina dhiaidh sin, measann sé go mbeidh ballstáit an Aontais Eorpaigh nó tíortha eile san Eoraip ag obair as lámh a chéile le clár vacsaínithe a leagan amach.
Ceist eile í, dar leis, cé a bheas freagrach as sábháilteacht na vacsaíne i bhfad na haimsire agus comhlachtaí ag iarraidh iad féin a chosaint ar éilimh ar dhamáistí.
Creideann Jim McGrath gur chóir do rialtais an dliteanas a sheasamh ach is ceist achrannach í a bheas le socrú, is dóigh, san am atá le teacht.