I gCúirt Choiriúil Chuarda Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall, gearradh téarma príosúnachta ar fionraí agus cosc tiomána sé bliana ar fhear a phléadáil ciontach i dtiomáint neamh-aireach arbh í ba chúis le bás fir eile in Eanáir na bliana 2018.

Maraíodh Noel McDermott, 43 bliain d'aois as Leitir Ceanainn ó dhúchas, nuair a leag gluaisteán é agus é ag rothaíocht ag an Ardaí Bheag, Gort an Choirce.

Dúradh gur chaill an tiománaí, Liam Cannon, 33 bliain d'aois as Doire Chonaire, smacht ar an ngluaisteán ag coradh géar sa bhóthar. 

Dúirt an Breitheamh John Aylmer go dtuilleann an cion seo téarma príosúin chúig mhí dhéag.

Chuir an breitheamh an téarma ar fionraí, a dúirt sé, de bhrí nár ciontaíodh Liam Cannon riamh roimhe seo, nach raibh sé ag tiomáint os cionn na teorann luais, nach raibh sé ar meisce, agus de bhrí aithreachas a bheith air as a raibh déanta aige.