Tá 235 cros curtha sa talamh ag ceoltóir ó Chorca Dhuibhne mar chuid d'agóid faoi pholasaithe pleanála faoin dtuath. 

Deir Breanndán Ó Beaglaoich go bhfuil daoine á ndíbirt as a gcuid talún féin de dheasca polasaithe pleanála atá "míchothrom agus éagórach," dar leis. 

Tá ordú tugtha ag Comhairle Contae Chiarraí don cheoltóir tigh adhmaid a thóg sé ar leantóir leoraí a bhaint as an láthair i mBaile na bPoc gan mhoill, mar gur cuireadh ann é gan cead pleanála.

Tá fíneáil mhór nó téarma príosúnachta á bhagairt ar an gceoltóir muna ndeineann sé amhlaidh. 

Níl Ó Beaglaoich ag glacadh leis an ordú agus tá achomharc seolta faoi bhráid an Bhoird Phleanála aige.

Deir Ó Beaglaoich gur siombail iad na crosanna atá curtha in airde aige don 235 duine a mhair i mBaile na bPoc sa bhliain 1841.

Ní mhaireann ach dáréag ar an mbaile go buan faoi láthair.

Deir sé go bhfuil polasaithe pleanála ag cur le bánú tuaithe, ag cur bac ar dhaoine maireachtaint ina mbailte fearainn féin agus ag luí ródhian ar phobal na Gaeltachta.

Tá an chaint seo séanta go láidir ag Comhairle Contae Chiarraí, áfach.

Dúirt urlabhraí gur tháinig 53 iarratas pleanála ó cheantar Gaeltachta Chorca Dhuibhne faoi bhráid na comhairle idir Márta 2015 agus Nollaig 2019.

Ceadaíodh 43 díobh agus diúltaíodh do 17 iarratas. Deir an Chomhairle gur ionann seo agus ráta ceadaithe breis agus 70% i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Deir Ó Beaglaoich go bhfuil tús curtha aige le feachtas ag éileamh leasuithe ar pholasaithe pleanála faoin dtuath.

Tá Plean Forbartha Chontae Chiarraí 2022-2028 á dhréachtú ag an gComhairle faoi láthair.