Deir daltaí i gConamara a fuair torthaí Ardteiste gur faoiseamh a bhí sa lá inniu dóibh tar éis na héiginnteachta a bhain leis na míonna seo caite.

Bhí daltaí a labhair le Nuacht RTÉ thar a bheith sásta leis na torthaí a fuair siad, roinnt acu nios airde ná mar a bhí súil leo.

Tá súil ag na tríríní Clíona, Niamh agus Róisín Ní Dhúgáin a d'freastal ar Choláiste Cholmcille in Indreabhán, i gContae na Gaillimhe cúrsa cúram leanaí a dhéanamh i Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

Deir siad go raibh siad sách neirbhíseach ach gur mór an faoiseamh anois é go bhfuil torthaí maithe fáighte acu.

Bhí deacrachtaí eile seachas Covid 19 ag daltaí i rith na géarchéime.

Meabh Ní Chadhain as Cill Chiaráin

Dúirt Meabh Ní Chadhain as Cill Chiaráin i gConamara go raibh fadhbanna aici go minic leis an gceangal idirlín agus í ag iarraidh a bheith ag folgaim sa mbaile ach fós féin tá sí sásta leis na torthaí a fuair sí agus súil aici cúrsa eolaíochta a dhéanamh in Ollscoil Luimnigh.

Maitiú Talbóid, Coláiste na Coiribe 

Tá Maitiú Talbóid as cathair na Gaillimhe ar bís lena chuid torthaí agus 601 pointe bainte amach aige.

Íde Ní Chonaire agus Bláthnaid Ní Fhátharta, Coláiste na bPiarsach

Beidh Bláthnaid Ní Fhátharta as an Trá Bháin i gContae na Gaillimhe ag suil go mbeidh spás di ar chúrsa nua Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá Íde Ní Chonaire as Rosmuc ag súil le ceim muinteoireacht bunscoile a dhéanamh i Luimneach.