Deir daltaí i gConamara a fuair torthaí Ardteiste gur faoiseamh a bhí sa lá inniu dóibh tar éis na héiginnteachta a bhain leis na míonna seo caite.
Bhí daltaí a labhair le Nuacht RTÉ thar a bheith sásta leis na torthaí a fuair siad, roinnt acu nios airde ná mar a bhí súil leo.
Tá súil ag na tríríní Clíona, Niamh agus Róisín Ní Dhúgáin a d'freastal ar Choláiste Cholmcille in Indreabhán, i gContae na Gaillimhe cúrsa cúram leanaí a dhéanamh i Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.
Deir siad go raibh siad sách neirbhíseach ach gur mór an faoiseamh anois é go bhfuil torthaí maithe fáighte acu.
Bhí deacrachtaí eile seachas Covid 19 ag daltaí i rith na géarchéime.

Dúirt Meabh Ní Chadhain as Cill Chiaráin i gConamara go raibh fadhbanna aici go minic leis an gceangal idirlín agus í ag iarraidh a bheith ag folgaim sa mbaile ach fós féin tá sí sásta leis na torthaí a fuair sí agus súil aici cúrsa eolaíochta a dhéanamh in Ollscoil Luimnigh.

Tá Maitiú Talbóid as cathair na Gaillimhe ar bís lena chuid torthaí agus 601 pointe bainte amach aige.

Beidh Bláthnaid Ní Fhátharta as an Trá Bháin i gContae na Gaillimhe ag suil go mbeidh spás di ar chúrsa nua Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Tá Íde Ní Chonaire as Rosmuc ag súil le ceim muinteoireacht bunscoile a dhéanamh i Luimneach.