skip to main content

Fáilte mhór roimh phlean Gaeltachta Leitir Ceanainn

Ursula Ní Shabhaois
Ursula Ní Shabhaois

Tá sé ráite ag Líonra Leitir Ceanainn go dtig leo i bhfad níos mó a dhéanamh anois ná roimhe seo leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail agus ghnó ó tharla stádas oifigiúil a bheith tugtha don bhaile mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Bhí Leitir Ceanainn agus an Daingean i gCo Chiarraí ainmnithe cheana féin mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach tá aitheantas oifigiúil faighte acu anois.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, is í an chiall atá le Baile Seirbhíse Gaeltachta baile a bhfuil daonra 1,000 ar a laghad ann atá suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, nó taobh leis, agus a bhfuil feidhm shuntasach leis maidir le seirbhísí poiblí, áineasa, sóisialta agus tráchtála a chur ar fáil don limistéar sin. 

D'fháiltigh Bairbre Uí Chathail ó Líonra Leitir Ceanainn roimh an scéala agus dúirt sí le Nuacht RTÉ/TG4 go mbeidh an eagraíocht in ann a bplean teanga a chur i bhfeidhm agus oifigeach teanga a cheapadh le hobair i gcomhar le gnólachtaí, scoileanna agus teaghlaigh.

Dhá bhliain ó shin, d'fhiosraigh an eagraíocht suim an phobail sa Ghaeilge agus iad ag cur a bplean teanga i dtoll a chéile. 

Dúirt duine d'údair an phlean, Ursula Ní Shabhaois, gur léirigh an taighde agus na grúpaí fócais a bunaíodh "go bhfuil dearcadh an-dearfach sa phobal anseo don Ghaeilge agus an-tacaíocht do na beartais atá molta sa phlean.

Tá béim ar leith ar chúrsaí teaghlaigh agus ar thacaíocht don earnáil ghnó - rud a chiallaíonn go mbeidh daoine in ann an teanga a úsáid go nádúrtha ar bhonn sóisialta agus tráchtála agus go dtógfar ar an obair atá ar bun cheana féin."

Tá na céadta as Gaeltacht Dhún na nGall ag obair i Leitir Ceanainn agus is ann a dhéanann formhór de mhuintir na Gaeltachta a gcuid siopadóireachta.

Cothaíonn sé seo na milliúin euro sa bhliain don gheilleagar áitiúil agus beidh Líonra Leitir Ceanainn ag iarraidh luach na Gaeilge mar theanga ghnó a bhoilsciú feasta.

Dúirt Caitlín Uí Chochláin ón eagraíocht go mbeidh siad ag díriú "ar mhuintir na Gaeltachta, ar na turasóirí agus ar mhuintir an bhaile féin a chaitheann a gcuid airgid i siopaí agus i ngnólachtaí anseo i Leitir Ceanainn a bhfuil dátheangachas iontu … agus tá súil againn go mbeidh duine le Gaeilge i ngach gnó i Leitir Ceanainn nuair a bheidh an plean seo i bhfeidhm."

Seo an chéad fhógra i dtaca le pleanáil teanga a rinne Aire na Gaeltachta agus an tAire Stáit Gaeltachta ó ceapadh iad 65 lá ó shin.