skip to main content

Daltaí meánscoile ag filleadh an tseachtain seo

Tá meánscoileanna na tíre ag oscailt arís an tseachtain seo.
Tá meánscoileanna na tíre ag oscailt arís an tseachtain seo.

Tá an chuid is mó de mheánscoileanna an Stáit ag tabhairt a gcuid daltaí ar ais de réir a chéile as seo go ceann seachtaine. 

Dúirt Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair Séamus Ó Briain gurb é "an rud is tábhachtaí go bhfuil daltaí a bhí scartha 20 ciliméadar óna chéile go fisiciúil le 6 mhí ar ais le chéile agus go bhfuil seo maith don mheabhairshláinte."

Deir an tUasal Ó Briain chomh maith leis sin "…go bhfuil siad ag cloí le treoracha maidir le hachar sóisialta agus rialacha eile atá leagtha síos. Mar a deir na seirbhísí sláinte linn, is í an scoil an áit is sábháilte le bheith."

I litir oscailte chuig tuismitheoirí agus múinteoirí, dúirt an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Dr Ronan Glynn nach bhfuil a léithéid de réiteach ann agus ceann atá saor ó riosca: ach go léiríonn taighde idirnáisiúnta gur rud neamhchoitianta a bheadh ann go dtolgfadh páistí an víreas ó chéile ná go dtolgfadh daoine fásta ó pháistí é.

Tá céimeanna go leor glacatha ag údaráis scoile leis an riosca a laghdú.

Dúirt Breandán Ó Dufaigh go bhfuil oiread déanta acu le sábháilteacht a chur chun cinn.

Deir Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán Breandán Ó Dufaigh go bhfuil an oiread sin déanta acu leis an scoil a dhéanamh sábháilte.

"B'éigean dúinn na seomraí uilig a thomhais, réiteach a fháil de sheantroscán, tá stáisiúin dílghalráin ar fud na scoile, tá maisc ar na daltaí agus ar na múinteoirí, tá meadar idir gach duine sna seomraí don scaradh sóisialta, tá glantóirí breise againn agus maoirseoirí leis na daltaí a thionlacan ó sheomra go seomra."

Deir an Fheidhmeannacht Sláinte go bhfuil páistí le coinneáil sa bhaile má tá teocht 38°C nó níos mó acu, má tá casacht úr orthu,  boladh nó blas caillte nó giorra anála, nó má bhí siad ina gcónaí i dtimpeallacht ina bhfuil amhras go rabh an víreas ar dhuine éigin inti.

Dúirt Róisín Ní Dhúbhshláine go bhfuil siad muiníneach go bhfuil na córais ar fad i bhfeidhm acu.

Deir Príomhoide Choláiste Pobail Ráth Chairn, Róisín Ní Dhúbhshláine go bhfuil siad muiníneach go bhfuil na córais ar fad i bhfeidhm sa scoil ach ar ndóigh tá imní nádúrtha ag baint leis chomh maith agus beidh orainn súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí as seo go ceann cupla seachtain le fios a fháil conas mar atá daoine ag bogadh timpeall agus mar sin de."

Gheall an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach má tholgann páiste nó tuismitheoirí an víoras ón scoil go bhfuil achan chosaint ar fáil ón Fheidhmeannacht Sláinte le dul i ngleic leis seo.