skip to main content

An chéad dhá bhailte seirbhíse Gaeltachta aitheanta ag an stát

Leitir Ceanainn
Leitir Ceanainn

Tá Leitir Ceanainn i gcontae Dhún na nGall agus Daingean Uí Chúis i gcontae Chiarraí aitheanta ag Roinn na Gaeltachta ar an chéad dhá bhaile seirbhíse Gaeltachta faoin phróiseas pleanála teanga

Cheadaigh an Roinn pleananna teanga an dá bhaile inniu. Líonra Leitir Ceanainn agus An Lab sa Daingean an dá cheanneagraíocht a réitigh na pleananna.

Cuirfear €80,000 sa bhliain ar fáil in aghaidh na n-eagraíochtaí lena bpleananna teanga a chur i bhfeidhm agus le hoifigigh pleanála teanga a fhostú.

Thréaslaigh an t-Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin agus Príomh-Aoire an Rialtais agus An tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers leo siúd a rinne a gcuid leis an dá phlean a thabhairt go ceann scríbe.

Seo liosta de na bailte eile a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta

Dún na nGall: An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall

Maigh Eo: Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh

Gaillimh: Cathair na Gaillimhe agus An Clochán

Ciarraí: Trá Lí agus Cathair Saidhbhín

Corcaigh: Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha

Port Láirge: Dún Garbhán

An Mhí: Baile Átha Buí agus An Uaimh

Tá an próiseas ar bun ar an Chlochán Liath, Cathair na Gaillimhe, Cathair Chorcaí, Trá Lí, Dún Garbháin, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Saidhbhín. Tá aontaithe le Foras na Gaeilge go gcuirfear tús leis an phróiseas go luath i mBéal an Mhuirthead.