De réir a chéile tá scoileanna ag oscailt a ndoirse arís agus tá múinteoirí ag cur fáilte ar ais roimh dhaltaí sna seomraí ranga tar éis cúig mhí an-fhada ag baile de bharr Covid-19.

Ar maidin inniu, chuir Scoil Sailearna in Indreabhán i gConamara fáilte ar ais roimh bheagnach 200 dalta, 29 gasúr sna naíonáin bheaga ina measc.

Bhí sceitimíní ar roinnt acu, imní ar chuid eile agus sileadh cúpla deor freisin.

Lá níos suntasaí fós a bhí ann do na naíonáin bheaga seo mar gur thosaigh ceithre chúpla sa rang sin inniu.

Dúirt príomhoide na scoile Caitríona Uí Bhéarra gurb é seo an chéad uair riamh go raibh ceithre chúpla ag tosú sa rang céanna i stair na scoile.

"Tá sé go hálainn páistí a bheith ar ais linn agus, le cúnamh Dé, beidh rudaí ag fáil níos easca de réir a chéile. Tá an oiread oibre curtha isteach ag foireann na scoile go mbeadh an scoil sábháilte do chuile dhuine."

Lá aisteach a bhí ann do thuismitheoirí na naíonán mar - de bharr na srianta a bhaineann le Covid-19 - b'éigean dóibh slán a fhágáil leis na leanaí ag doras na scoile.

Dúirt Aengus Ó Fátharta go raibh sé deacair aige slán a rá slán lena chlann tríd an bhfuinneog, go háirithe ar a gcéad lá.

Dúirt Tomás Ó Fátharta go raibh sceitimíní ar a chúpla féin ar maidin, Ruby agus Holly Ní Fhátharta, a bheith ag dul chuig an scoil den chéad uair.

Joey Ó Fátharta agus Éabha Ní Fhátharta

Is iad na cúplaí a thosaigh inniu Leon Mac Oitir agus Grace Nic Oitir; Somhairle agus Conán Ó Tuairisg; Ruby agus Holly Ní Fhátharta; agus Joey Ó Fátharta agus Éabha Ní Fhátharta, agus iad uile cúig bliana d'aois.