Tá Phil Hogan éirithe as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an gconspóid faoin gcuairt a thug sé ar Éirinn le gairid. Deirtear gur sháraigh sé treoirlínte Covid-19 an Rialtais nuair a bhí sé abhus anseo.

Tá Phil Hogan lonnaithe sa Bhruiséil ach chaith sé an tréimhse idir 31 Iúil agus 22 Lúnasa in Éirinn. Bhí sé i gcontaetha éagsúla i dtrí chúige i gcaitheamh an ama sin. 

Bhí Phil Hogan ar dhuine de cheithre scór a d'fhreastail ar dhinnéar in óstán sa Chlochán i gCo na Gaillimhe Dé Céadaoin seo caite, ócáid a d'eagraigh Cumann Gailf an Oireachtais agus a tharraing conspóid mhór ó shin. 

Ag labhairt dó le RTÉ anocht, dúirt Phil Hogan go raibh sé ag éirí as mar Choimisinéir Trádála mar go raibh an t-aighneas ag baint den obair a bhí ar bun aige. 

Mháigh sé nár sháraigh sé aon dlí ná rialacháin an t-am a bhí sé in Éirinn ach go bhféadfadh sé cloí níos fearr leis na treoirlínte.