skip to main content

Corp sagairt as Béal Feirste faighte sna Stáit Aontaithe

An tAthair Stephen Rooney (Pic: Muintir Uí Ruanaidh)
An tAthair Stephen Rooney (Pic: Muintir Uí Ruanaidh)

Tá corp sagairt as Béal Feirste a bhí ar iarraidh tar éis tubaiste bádóireachta in Detroit in oirthuaisceart na Stát Aontaithe faighte ag seirbhísí tarrthála ansin.

Bhí an tAthair Stephen Rooney, 66 bliain d'aois, arbh as an Trá Ghearr in oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas é, ar iarraidh ó bhuail bád luais a raibh sé uirthi cloch faoin uisce ar Abhainn Detroit Dé Domhnaigh seo caite.

Fuarthas corp Robert Chiles, cara leis an Athair Rooney, san abhainn arú inné. Ceaptar go raibh sé in aice leis an sagart nuair a tharla an tubaiste.

Tarrtháladh deichniúr eile a bhí ar an bhád - triúr páistí ina measc.

An tAthair Stephen Rooney ag ceilúradh 35 bliain mar shagart

Dúirt Pilib Ó Ruanaidh, a bhfuil aithne mhaith air i measc phobal Gaeilge Bhéal Feirste, go raibh a dheartháir ina shagart i bparóiste Naomh Iósaef in Trenton in ard-deoise Detroit.

Bhí an tAthair Stephen sna Stáit Aontaithe le 30 bliain ach ba mhinic é ar ais ina chathair dhúchais le haghaidh ócáidí teaghlaigh. Bhí sé de nós aige cuairt a thabhairt ar chimí fosta.