Tá lán na súl á bhaint as ceann d'iontais mhóra na mara le roinnt laethanta agus suas le scór míol mór le feiscint amach ó chósta Chorca Dhuibhne i gCo Chiarraí.

Áirítear suas le 12 míol mór dronnach, mar aon le dromeitigh bheaga agus cúpla míol mór eiteach, a bheith ag iníor sna farraigí idir Cnoc Bréanainn agus na Blascaodaí.

Deir Nick Massett ón nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna go bhfuil na míolta ar thóir salán, atá go flúirseach san fharraige fé láthair.

Tá na míolta móra dronnacha á gclárú amach ó chósta na hÉireann ó 1999 i leith.

Aithnítear na míolta ó mharcanna suaithinseacha a bhíonn ar a gcuid eireaball agus eití.

Deir taighdeoirí go bhfuil roinnt ainmhithe nua braite i bhfarraigí na hÉireann i mbliana agus go bhfuil tuairisc anois ar 107 míol mór dronnach bheith tagtha anso ó cuireadh tús leis gclárú.