Ar an Tulaigh i mBaile na hAbhann i ndeisceart Chonmara aréir, cuireadh dráma ar siúl a bhí ábhairín éagsúil leis an ngnáthléiriú stáitse a d'fheicfí i halla amharclainne.

Ag 10 a chlog aréir, cuireadh an dráma Fiach le Philip Doherty os comhair an phobail den chéad uair.

Fíbín Teoranta a chuir an taispeántas ar bun don lucht féachana a bhí suite ina gcuid gluaisteán i gcarrchlós cheannáras an chompántais agus iad ag faire ar an iontas.

Deirtear gurb é an chéad taispeántas Gaeilge dá léithéid é sa tír.

Teach ósta a bhí sa cheannáras go dtí le gairid - Tigh Johnny Sheáin - agus bhí obair mhór ar bun ann le roinnt míonna agus an fhoireann i mbun tiargála don oíche mhór. 

Leanfaidh an seó carrchlóis seo go dtí Dé Sathairn 22 Lúnasa.