Tugadh fear 27 bliain d'aois os comhair cúirte i nDoire inniu agus é cúisithe sa ghunna lenar maraíodh an t-iriseoir Lyra McKee a bheith ina sheilbh aige.
Cúisíodh Niall Sheerin as Taobh an Bhogaigh chomh maith i rún a bheith aige beatha a chur i mbaol.
Mhaígh póilín sa chúirt go bhfuathas lorg DNA Niall Sheerin ar an ngunna agus ar an bpiléarlann.
Tar éis na héisteachta, ceadaíodh bannaí faoi dhianchoinníollacha do Niall Sheerin.
Fuair na póilíní an gunna láimhe Hammerli X-Esse .22 le linn cuardaigh i mBaile Mhic Robhartaigh i nDoire an mhí seo caite.
Maraíodh Lyra McKee nuair a caitheadh piléir le póilíní le linn círéibe i gceantar an Chreagáin i gcathair Dhoire i mí Aibreáin anuraidh.
Mhaígh an grúpa ar a dtugtar an tIRA Nua gurb iad a mharaigh Lyra McKee, a bhí 29 bliain, ach gur de thaisme é.