skip to main content

Maolú ar shrianta, uimhir atáirgthe le caibidil ag saineolaithe

Uimhir atáirgthe an choróinvíris os cionn 0.6 agus faoi bhun 1
Uimhir atáirgthe an choróinvíris os cionn 0.6 agus faoi bhun 1

Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag teacht le chéile inniu chun athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas is deireanaí faoi leathadh an choróinvíris in Éirinn.

Beidh an maolú is deireanaí a rinneadh ar shrianta sóisialta agus atáirgeadh an víris á gcaibidil acu ag an gcruinniú. 

Pléifidh siad na cúrsaí seo i bhfianaise an mhaolaithe a rinneadh ar shrianta taistil go háirithe agus athoscailt leithéidí na dtithe tábhairne agus na n-ionad gruaigeadóireachta an tseachtain seo caite.

Tá uimhir atáirgthe an víris ó dhuine go duine os cionn 0.6 agus faoi bhun 1 san am i láthair. Údar imní an uimhir a bheith os cionn 1, a deir na saineolaithe. 

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Sláinte go bhfuil íoslódáil déanta ag os cionn milliún duine ar an aip a choinníonn cuntas ar dhaoine a bhí i ngar do dhaoine eile a bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu.