skip to main content

Fear cúisithe i ndúnmharú a mhná céile

William Eagers curtha siar faoi choinneáil
William Eagers curtha siar faoi choinneáil

Tá fear céile Jean Eagers, an bhean a maraíodh ina teach cónaithe i mBaile Átha Cliath deich lá ó shin, cúisithe ina dúnmharú.

Tugadh William Eagers, 60 bliain d'aois, as Garrán Choill na Sailí i mBaile Bhlainséir, os comhair na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla tráthnóna. 

Cúisíodh é i ndúnmharú Jean Eagers, 57 bliain d'aois, agus i gclaíomh samurai a bheartú ar 21 Meitheamh. 

Cuireadh siar faoi choinneáil go ceann seachtaine é.