Tugtar le fios i dtaighde nua faoi staid na Gàidhlig agus faoina bhfuil i ndán don teanga go bhfuil baol mór ann nach mairfidh sí go ceann i bhfad eile sa réigiún ina labhraítear í go fóill. 

Deirtear sa staidéar nua, a foilsíodh inniu, go n-imeoidh Gàidhlig as mar theanga phobail faoi cheann cúpla bliain agus go mbeidh ceannas iomlán ag an mBéarla uirthi mura gcuirfear beartais stuama athbheochana i bhfeidhm gan mhoill. 

Bhí Gàidhlig á labhairt ar fud na hAlban tráth, ach áiríonn Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe anois í i measc theangacha an domhain atá i mbaol báis.

Labhraítear Gàidhlig i gcónaí sna hOileáin Thiar, i Stafainn in Oileán Sgitheanach agus i dTiriodh. Is sa réigiún sin a rinneadh an taighde nua thar ceann Ollsoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain.

Tá 28,000 duine ina gcónaí sa réigiún agus, de réir an taighde, tá cumas éigin sa Ghàidhlig ag 14,000 díobh. Nuair a dhéantar scrúdú staitistiúil ar an méid sin, áfach, is 11,000 duine atá i gceist i ndáiríre. Leathchéad bliain agus os a chionn atá formhór na ndaoine sin.

Deirtear sa staidéar 500 bileog go bhfuil labhairt na Gàidhlig agus seachadadh na Gàidhlig ó na seanghlúine go dtí an ghlúin óg sa réigiún ar an dé deiridh. I mbeagán focal, a mhaíonn na taighdeoirí, níl sé d'acmhainn ag cainteoirí Gàidhlig glúin nua cainteoirí a a athghiniúint. 

Steòrnabhagh, Leòdhas, an baile is mó sna hOileán Thiar (Pic: Getty)

Is iad príomhthorthaí an taighde:

- Cumas lag sa Ghàidhlig ag an aos óg

- Labhairt na Gàidhlig imeallaithe go sóisialta, seachas i measc seanóirí

- Gàidhlig imeallaithe i gcúrsaí oideachais

- Neamhshuim sa Ghàidhlig ag formhór na n-óg

- Laghdú mór ar sheachadadh na Gàidhlig ó na seanghlúine go dtí an ghlúin óg.

Réigiún an taighde (Le caoinchead: Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán)

Tá an taighde bunaithe ar iomad foinsí, mar atá, na daonáirimh éagsúla idir na blianta 1981-2011, suirbhéanna ar pháistí réamhscoile agus ar dhéagóirí, grúpaí fócais, cruinnithe poiblí agus ceistneoirí cuimsitheacha.

Léiríonn an anailís ar na figiúirí daonáireamh gur tháing laghdú 13% ar an meán gach deich mbliana ar líon na gcainteoirí Gàidhlig.

I ndaonáireamh 2011, tuairiscíodh go raibh cumas sa Ghàidhlig ag 52% de dhaoine trí bliana d'aois agus os a chionn i gcomparáid le 80% i ndaonáireamh 1981. 

An taighde nua a foilsíodh in Albain inniu

Is tromchúisí meath na Gàidhlig i measc na n-óg ná aon ghrúpa eile. Tuairiscíodh cumas a bheith sa Ghàidhlig ag níos lú ná 2,000 duine óg, nó 42% de dhaoine idir trí agus seacht mbliana déag in 2011.

I gceistneoir a rinneadh in 2016, níor thuairiscigh ach 1.5% de dhéagóirí gur labhair siad Gàidhlig lena gcairde an t-am ar fad nó an chuid is mó den am. 

Léiríonn na figiúirí daonáireamh freisin go labhraítear Gàidhlig i 19% de líonta tí. Tá an céatadán íseal seo ina bhac mór ar sheachadadh na Gàidhlig ó ghlúin go glúin, a deir na taighdeoirí. 

De réir na dtreochtaí a shoilsítear sa staidéar, tuarann na taighdeoirí gur gearr anois nach mbeidh Gàidhlig inmharthana.

Creideann siad go gcúlóidh Gàidhlig tuilleadh go dtí fíorimeall an phobail agus nach mbeidh feidhm léi feasta ach i leithéidí an tseomra ranga agus na meán cumarsáide, agus i measc daoine scothaosta.

Daoine óga ag súgradh, Oileán Sgitheanach (Pic: Getty)

Molann na taighdeoirí cur chuige nua le Gàidhlig a cheannach ón mbás. Deir siad, áfach, go gcaithfí polasaithe poiblí i leith na Gàidhlig a athrú ó bhonn agus tabhairt faoi na dúshláin ag leibhéal an phobail féin feasta le go mbeadh rath ar a gcuid moltaí.  

Maíonn siad, go deimhin, gur bac suntasach ar iarrachtaí athbheochana polasaí reatha an stáit.

Is é príomh-mholadh na dtaighdeoirí cur chuige de réir "múnla comharchumainn" a ghlacadh.

De réir an mhúnla seo, bhunófaí iontaobhas pobail a dtugann na taighdeoirí "Urras na Gàidhlig" air.

Bheadh an t-iontaobhas lonnaithe sna hOileáin Thiar faoi stiúir dhaonlathach ionadaithe an phobail.

D'aistreofaí cumhachtaí Bhòrd na Gàidhlig - an bord státurraithe in Inbhir Nis - go dtí an t-iontaobhas.  

Thabharfadh an t-iontaobhas faoi thionscnaimh éagsúla, mar atá, scéim tacaíochta airgeadais do theaghlaigh a thógann a gclann le Gàidhlig; scéim úrnua gníomhaíochtaí i nGàidhlig don óige; siamsaíocht phoiblí i nGàidhlig; fiontair shóisialta Gàidhlig; níos mó Gàidhlig sna scoileanna; agus comhairle straitéiseach maidir le pleanáil teanga a chur ar ghrúpaí pobail Gàidhlig agus ar cheannairí an iontaobhais. 

Deir na taighdeoirí go mbainfeadh muintir na n-oileán sochar eacnamaíochta freisin as gníomhaíochtaí an iontaobhais a chuideodh leo dul i ngleic le dúshláin eile, dála na heisimirce agus na dífhostaíochta, a bhfuil baint mhór acu le meath na Gàidhlig. 

Loch Ceann HulabhaigLeòdhas (Pic: Getty)

Deir ceann na foirne taighde an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin gur rífhollas go maireann agus go rathaíonn teanga i bpobal a labhartha, seachas i ngníomhaíochtaí institiúideacha agus siombalacha nach bhfuil fréamhaithe sa phobal. 

Deir sé go dteastaíonn spás soch-thíreolaíochta dá gcuid féin ó theangacha, limistéar cosúil le Gaeltacht. 

Má leagtar an iomarca béime i bpolasaithe poiblí nó sa i bplé poiblí ar fhoghlaimeoirí teanga, a deir sé, is féidir faillí a dhéanamh sa phobal a labhraíonn an teanga agus sna próisis shóisialta a théann i gcion ar an bpobal sin.

Mar bharr ar an donas, dar leis an Ollamh Ó Giollagáin, is féidir freisin gur polasaithe poiblí gan dealramh toradh an phlé sin.

Creideann an tOllamh Ó Giollagáin go bhfuil deis fós ag pobal na Gàidhlig dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu ach polasaithe nua teanga a chur i bhfeidhm. 

Maíonn sé go bhfuil faisnéis mhionsonraithe, anailís bheacht agus moltaí cuimsitheacha sa taighde nua a chuideos le pobal na Gàidhlig teacht slán. 

Tá an staidéar ar fáil i bhfoirm leabhair faoin teideal "The Gaelic Crisis in the Vernacular Community: A Comprehensive Sociolinguistic Study of Scottish Gaelic" agus is é Aberdeen University Press a d'fhoilsigh. 

Tá faisnéis bhreise agus tuilleadh eolais le fáil anseo.