Tá míshástacht i gCiarraí faoi champáil neamhdhleathach agus faoi chóisirí óil atá ar bun i gcoillte agus ar thránna sa chontae.
Bhailigh suas le 70 duine ar thráigh Bhaile an Sceilg oíche Dé Sathairn seo caite le haghaidh cóisire.
B'éigean do dhaoine ón áit bruscar agus gloine bhriste a fágadh ar an dtráigh a bhailiú an lá dar gcionn.
Coicís ó shin, loisceadh ceithre acra duimhche ar Thráigh na Beannaí nuair a d’imigh tine a lasadh le linn cóisire ansin ó smacht.
I gCorca Dhuibhne, d’aimsigh feirmeoirí campa mór faoi cheilt i gcoill phríobháideach.
Dúirt na deartháireacha Seán agus Pádraig Ó Murchú go raibh seisear ag cur fúthu sa champa le roinnt seachtainí ach gur chuir na Gardaí an teitheadh orthu i rith an deireadh seachtaine.

Seán agus Pádraig Ó Murchú
Tá tolg, bord, troscáin, pubaill agus carn mór bruscair fágtha ina ndiaidh acu.
Deir na deartháireacha go raibh an t-ádh leo nár tharla tine sa choill le linn an triomaigh a bhí ann.
Deir Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil treoirlínte náisiúnta Covid-19 á gcur i bhfeidhm agus go bhfuil cosc iomlán ar champáil ar na tránna agus dumhcha a thagann faoina gcúram.
Deir an Chomhairle go ndéileáilfidh na Gardaí le daoine a bhailíonn ina ngrúpaí móra ar thránna nó le hiompar míshóisialta d’aon tsaghas eile.

Cuid den bhruscar a d'fhág daoine ina ndiaidh
Beidh cead ag páirceanna campála agus carabhán oscailt ar 29 Meitheamh.
Deir Bríd Ní Mhóráin ó lucht campála Wavecrest i gCathair Dónall go bhfuil éileamh ollmhór ar an láthair agus fonn ar dhaoine fanacht in Éirinn ar saoire.
Tá an láthair lán le haghaidh mhí Iúil agus Lúnasa ach deir sí go bhfuilid ag moladh do dhaoine a gcuid áiseanna níocháin agus leithris féin a úsáid sna carabháin seachas na háiseanna sa pháirc.
Tá orthu teorainn a chur le líon na bpuball ar an suíomh toisc gurb iad is mó a ídíonn na hacmhainní sin, a deir sí.