Ní fios fós an mbeidh ar chumas daoine turas a thabhairt ar an mBlascaod Mór i mbliana de dheasca srianta Covid-19.
De réir phlean an Rialtais, ceadófar turais go dtí na hoileáin ó 10 Lúnasa amach ach deir Bádóirí an Bhlascaoid go mbeidh sé fíordhúshlánach scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm ar na báid farantóireachta.
Agus iad ag dul i dtír ar an mBlascaod Mór, bíonn ar chuairteoirí aistriú ón mbád farantóireachta go dtí báidíní beaga.
Dúirt Sibéal Ní Lúing ó Bhádóirí an Bhlascaoid go mbeidh mórán ag brath ar pé acu fad méadair nó dhá mhéadar a bheidh i gceist leis na srianta.
Tá na bádóirí imníoch faoin laghdú a bheidh ar líon na bpaisinéirí a cheadófar sna báid le linn séasúir a bheidh ciorrraithe go mór. Deirid go mbeidh sé deacair costas na seirbhíse a chlúdach.

Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin
Tá sé beartaithe ag Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin oscailt arís ar 20 Iúil. Dúirt bainisteoir an Ionaid Lorcán Ó Cinnéide go bhfuil obair á déanamh ar an bhfoirgneamh fé láthair d'fhonn é chur in oiriúint dos na srianta.
Dúirt an Cinnéideach go mbeidh líon na gcuairteoirí siar go mór le hais an 50,000 cuairteoir a thagann ann de ghnáth, ach go raibh gach aon iarracht á déanamh saoire thaitneamhach a chur ar fáil dos na cuairteoirí a thagann.