Tá an t-amhránaí ceoil tíre Brendan Bowyer, a rugadh i bPort Láirge, tar éis bháis i Las Vegas. Bhí sé 81 bliain d'aois.
Thosaigh Brendan Bowyer a ghairm mar cheoltóir leis an mbanna an Royal Showband agus bhain sé cáil amach lena leagan féin den amhrán The Hucklebuck sna seascaidí.
Bhain an t-amhrán barr na gcairteacha amach agus d'fhan ag Uimhir 1 ar feadh roinnt mhaith seachtainí sa bhliain 1965.
Maireann a bhean, Stella, mac, beirt iníonacha, garmhac agus gariníon.
Dúirt an teaghlach i ráiteas go raibh siad i láthair nuair a shíothlaigh sé.
Dúirt siad go raibh súil ag Brendan filleadh ar Éirinn uair amháin eile sular éirigh sé tinn ach, ar deireadh, nach raibh sé ina chumhacht an turas a dhéanamh.