skip to main content

Gan aiféala ar bith ar Dhominic Cummings faoina thuras go Durham

Deir prímhchomhairleoir Boris Johnson, Dominic Cummings nach bhfuil aiféala ar bith air faoin turas 400km a rinne sé ó Londain go Durham agus é ag freagairt líomhaintí gur sháraigh sé srianta dianghlasála Covid-19

Thiomáin Cummings go Durham mí na Márta le dul ag féinaonarú lena theaghlach de bharr, a deir sé, an imní a bhí air dá n-éireodh sé féin nó a bhean tinn nach mbeadh siad in ann ann aire a thabhairt dá mac óg.

Chuir na teoirlínte fainic ar dhaoine faoi thurais fhada.

Chuig teach atá amuigh leis féin ar thailte a athar i gCo. Durham a chuaigh sé, áit a raibh teacht aige ar chúram leaní ó dhéagóirí a deirféar, dá n-éireodh sé féin agus a bhean tinn. Dúirt sé go raibh comharthaí sóirt ag teacht ar a bhean, agus gurb é sin a spreag an turas.

Nuair a d'éirigh sé féín an mhaidin dar gcionn i nDurham, bhí comharthaí sóirt an Covid-19 air féin.

D'fhan sé i nDurham ón 27 Márta go dtí an 13 Aibreán.**

An lá a shocraigh sé filleadh ar Londain le dul ar ais ag an obair i Sráíd Downning, rinne sé turas leathuaire lena chumas tiomána a  mheas, ó nach raibh radharc na súl go foirfe aige tar éis an tinnis. Chuig tailte caisleáin sa chontae a chuaigh sé an lá sin.

Labhair Dominic Cummings leis an bpreas i ngáirdín Sr. Downing inniu agus dúirt go raibh a ndearna sé réasúnta i gcomhthéacs atá eisceachtúil agus páiste beag i gceist.

Níl sé i gceist aige éirí as a phost agus níl aon tairiscint mar sin déanta aige.

Cé nar inis sé do Boris Johnson ag an am go raibh sé leis an turas a dhéanamh, d'inis sé dó lá éigin tar éis dó filleadh. D'iarr an Príomh-Aire air labhairt go hoscailte leis an bpobal faoip tar éis chomhrá fada idir an bheirt fhear ag an deireadh seachtaine nuair a tháinig an scéal amach sna nuachtáin.

D'admhaigh Dominic Cummings go bhfuil go leor daoine ann nach n-aontóidh leis an gcinneadh a rinne sé, ach seasann sé lena ndearna sé.

Údar aiféala do Boris Johnson an fhearg an mhíthuiscint agus an pian atá ar dhaoine dá bharr seo, a dúírt sé anocht..Ach dúirt sé nach bhfuil aon ní déanta ag aon duine i Sr. Downing le baint de na teachtaireachtaí sláine poiblí.