skip to main content

Caomhnú chromán na gcearc ag teacht ar aghaidh

Cromán na gcearc ag scaoileadh a sciathán
Cromán na gcearc ag scaoileadh a sciathán

Ta ciste bónais luach €450,000 le híoc le feirmeoirí as a gcuid iarrachtaí cromán na gcearc a chaomhnú.

Tá an t-éan creiche maorga seo a neadaíonn sna sléibhte agus sna corraigh go mór i mbaol.

De réir an éanáirimh is déanaí ag an tSeirbhís Náisiúnta agus Fiadhúlra, meastar nach bhfuil ach idir 108-157 péire in Éirinn anois.

Tá an bónas le híoc le feirmeoirí atá páirteach i gClár Chromán na gCearc na Roinne Talmhaíochta agus é le hronnadh orthu mar gheall ar an méadú suntasach a tháinig ar líon na ngearrcach a chnag sliogán anuraidh.

Is fiú €25m an scéim chaomhnaithe seo agus tá breis agus 1,500 feirmeoir ag glacadh páirte ann.

Tá an scéim á riar i sé limistéar faoi chosaint, achar talún 38,000 heicteár a shíneann thar naoi gcontae. 

Anuraidh, bhí 81 gearrcach ag 56 péire sna limistéir atá faoi chosaint, an séasúr ba rathúla le ceithre bliana déag anuas.

Ar Shliabh Luachra i gCo Chiarraí, d'éirigh le péire amháin cúig cinn de ghearrcaigh a chothú. 

Bíonn ar fheirmeoirí atá páirteach sa scéim bainistiú cuí a dhéanamh ar na sléibhte agus gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm a chuireann le héagsúlacht na gnáthóige.

Tá tuilleadh eolais faoin scéim le fáil anseo.