skip to main content

Maratón Bhaile Átha Cliath curtha ar ceal

Maratón Bhaile Átha Cliath curtha ar ceal
Maratón Bhaile Átha Cliath curtha ar ceal

Deimhníodh ar maidin go bhfuil Maratón Bhaile Átha Cliath na bliana seo curtha ar ceal de bharr ghéarchéim an choróinvíris.

Bhí an rás le rith Dé Domhnaigh 25 Deireadh Fómhair.

Bhí thart ar 25,000 duine le páirt a ghlacadh sa mharatón agus dúirt an lucht eagraithe go mbeidh cead acu ar fad an rás a rith an bhliain seo chugainn.

Mura mian le daoine glacadh leis an tairiscint seo, a dúradh, íocfar an táille iomlán ar ais leo. 

Dúirt stiúrthóir an mharatóin Jim Aughney go ndearnadh an cinneadh an rás a chur ar ceal le sláinte an phobail a chosaint.