Cothrom an lae inniu i 1974 a tharla na buamálacha i mBaile Átha Cliath agus Muineachán.
Inniu, dúirt duine de ghaolta na ndaoine a maraíodh le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil dóchas acu as fiosrúchán nua atá bunaithe.
Níor ciontaíodh aon duine riamh as an dá uafás seo
Fiosrúchán é seo atá tosaithe ag an iarphóilín sinsireach, Jon Boucher, faoin bhaint a líomhnaítear a bhí ag an 'Glenanne Gang' leis na hionsaithe.
B'amhlaidh a phléasc paramíleataigh dhílseacha buama i lár Bhaile Átha Cliath agus Mhuineachán ar an 17 Bealtaine 1974.
Tharla na heachtraí uair go leith óna chéile.
34 duine a maraíodh, ina measc leanbh sa bhroinn.
Bhí Christina O'Loughlin as Sráid Chnoc na Lobhar i mBaile Átha Cliath ar dhuine díobh.
Deir a mac Caoimhín in agallamh lenár dtuairisceoir Ailbhe Ó Monacháin, go raibh Christine ag obair an lá sin i dteach ósta an Shelbourne ar Fhaiche Stiabhna.
"Ar an 17ú Bealtaine, d'fhág sí an t-óstán ag 5.35 tráthnóna. Phléasc buama cairr ag Sr. Laighean Theas in aice le Coláiste na Tríonóide agus maraíodh í beagnach láithreach. Chaill mise , m’athair agus mo dheartháir bean chéile agus máthair iontach an lá sin.Bhí sí 51 bliain d’aois ag an am. Tá ár n-eagraíocht 'Justice for the Forgotten' i mbun feachtais le blianta fada chun an fhírinne iomlán a fháil amach faoinár tharla i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán an lá sin. Tá a fhios againn gur leag paramíleataigh Dílseacha an 'Glenanne Gang’ - a raibh nasc láidir acu le harm na Breataine, na buamaí i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán".
Caoimhín Ó Lochlainn, mac le Christina, bean a maraíodh sa bhuamáil
Níos déanaí i 1993, d’admhaigh an UVF gurb iad a leag na buamaí an lá sin i lár Bhaile Átha Cliath agus i mbaile Mhuineachán.
Níor ciontaíodh aon duine ariamh maidir leis na hionsaithe.
Athair agus máthair Chaoimhín: Kevin agus Christina O'Loughlin (an bhean a maraíodh i '74)
Ina thuairisc i 2003 cháin an Breitheamh Henry Barron fiosrúchán na ngardaí agus an Stáit anseo ag an am.
Dúirt sé gur chuir rialtas na Breataine srian ar a fhiosrúchán féin nuair a dhiúltaigh siad cáipéisí tábhachtacha a chur ar fáil.
Inniu, an chéad bhliain nach raibh na gaolta ábalta comóradh dhéanamh ar an láthair.
I Muineachán ar maidin leag comhairleoir de chuid Shinn féin , Sean Conlon bláthfhleasc ag an láthair cuimhneacháin agus rinneadh cuimhneacháin eile ar-líne.
Duirt an Tánaiste, Simon Coveney i ráiteas go bhfuil an rialtas diongbhálta ina n-iarracht an fhírinne iomlán a fháil faoin ionsaí an lá sin .
Na gaolta dóchasach as an bhfiosrúchán nua seo
An t-iarphóilín Jon Boucher
Deir na gaolta go bhfuil dóchas úr acu anois as fiosrúchán úr atá tosaithe ag an iarphóilín sinsireach, John Boucher as Bedfordshire faoin bhaint a líomhnaítear a bhí ag an 'Glenanne Gang' leis na hionsaithe.
Tá teagmháil déanta aige le go leor de na teaghlaigh sa ghrúpa.
Deir mac Christina O’Loughlin, Caoimhín:
"Táimid dóchasach go mbeidh sé in ann an cháipéisíocht go léir a scrúdú agus go dtabharfaidh sé faisnéis dár dteaghlaigh ar an scéal iomlán faoinár tharla faoi na hionsaithe i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán".
De bharr na srianta faoi Covid19, is go digiteach a rinneadh an mhórchuid den chomóradh.
Dúírt an tAire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan gur mór an trua nach bhféadfaidh ocáid chuimhneacháin a bheith ar bun i mbliana.