skip to main content

An t-Iar Aire Oideachais Gerard Brady tar éis bháis

Gerard Brady tar éis bháis
Gerard Brady tar éis bháis

Tá an t-Iar Aire Oideachais Gerard Brady tar éis bháis.

83 bliain d'aois a bhí sé.

Toghadh é den chéad uair chun na Dála mar theachta do Fhianna Fáil i 1977.

Ceapadh Gerard Brady mar Aire Stáit sa Roinn Comhshaoil freisin ar feadh tréimhse.

Mhol an tUachtarán Michael D. Higgins, Gerard Brady, ag rá go raibh sé ar dhuine chomh cúirtéisí is a chasfadh ort i nDáil Éireann.

Dúirt an tUachtarán freisin gur mhór leis cúrsaí bochtanais san Afraic, agus gur chabhraigh sé le pobail ansin go minic trína ghairm mar radharceolaí.