Léiríonn tuarascáil nua atá déanta maidir le cásanna de mhí-usáid gnéis a tharla i nGasógaíocht Éireann go raibh forcheilt i gceist agus gur teipeadh an mhí-usáid a thuairisciú.
'Sé Ian Elliott, comhairleoir maidir le cosaint leanaí a scrígh agus a chur an tuarascáil le chéile. Deir sé nár chuathas i ngleic leis an mhí-usáid i slí a chosain an duine a raibh mí-usáid bainte astu nó ní raibh aon iarracht déanta an duine a rinne an mhí-úsáid a thabhairt chun cuntais.
Tá leithscéal gafa ag Gasógaíocht Éireann leis na daoine a d'fhulaing an mhí-úsáid.
Anuraidh, choimisiúnaigh Gasógaíocht Éireann Ian Elliot chun an cás a scrúdú. Dúirt Elliot nach féidir a dhéanamh amach go cinnte cé chomh forleathan is a bhí an mhí-úsáid mar go bhfuil taifid caillte agus scriosta.
Tá fáilte curtha ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone roimh an tuarascáil atá déanta maidir le cásanna de mhí-usáid a tharla i nGasógaíocht Éireann.
Nochtaíodh líomhaintí stairiúla ag Coiste Oireachtais dhá bhliain ó shin a bhain le mísúsáid gnéis sa chumann idir na 1960'aidí agus na 1990'aidí don chuid is mó. Tháinig Gasóga Caitliceacha na hÉireann agus Cumann Gasóg na hÉireann le chéile faoi scáth Gasógaíocht Éireann i 2004.
Deir an tUasal Elliott go bhfuil an chuma air gur ndearnadh neamhaird do dhaoine óga a d'fhulaing míúsáid agus nuair a rinneadh iarrachtaí tacaíocht a thabhairt dóibh, nach ndearnadh taifid sasúil dóibh. Deir sé chomh maith gur cailleadh taifid ná gur scriosadh iad.
Aithníodh 356 duine go dtí seo a líomhnaíodh a d'fhulaing míúsáid gnéis 'sna gasóga.
Líomhnaítear go raibh 275 duine i mbun na n-ionsaithe agus gur fhulaing scór go leith duine ionsaithe gnéis ó dhaoine óga eile.
D'éirigh le daoine a raibh suim míchuí acu i ndaoine óga postanna sinsearacha a bhaint amach san eagraíocht in amanna agus bhí smacht acu ar iarrachtaí a rinneadh ciontóirí aitheanta a bhogadh amach as na gasóga, a deir an tuarascáil. Bhí cairdeas fabhair ar siúl agus rinneadh iarrachtaí cur in éadan creat cuntasaíochta san eagraíocht chomh maith, deirtear.
Tá dhá mholadh dhéag déanta sa tuarascáil a bhaineann le cosaint, rialachas agus taifid a chaomhnú. Tá glactha ag Gasógaíocht Éireann leis na moltaí agus tá leithscéal foirmeálta déanta ag cathaoirleach bhoird na heagraíochta, Adrian Tenant leo siúd ar fad a d'fhulaing míúsáid gnéis 'sna gasóga.
I ráiteas tráthnóna dúirt an tAire Leanaí gur bhuail sí le Ian Elliott an tseachtain seo agus go raibh athas uirthi a chloisteáil go raibh seisean sásta le mar atá Gasógaíocht Éireann a reachtáil i láthair na huaire.