skip to main content

"Cúlú eacnamaíochta i ndán do réigiún an euro" - Lagarde

Christine Lagarde
Christine Lagarde

Dúirt uachtarán Bhanc Ceannais na hEorpa Christine Lagarde go bhfuil cúlú eacnamaíochta i ndán do réigiún an euro nach bhfacthas a leithéid roimhe seo agus an tsíocháin i réim.

Ag labhairt di ag preasócáid i bhFrankfurt trathnóna, dúirt sí nach bhfuil codanna de gheilleagair thíortha an euro ag feidhmiú ar chor ar bith mar gheall ar na srianta a bhaineann le Covid -19.

Agus í ag fógairt socruithe le tacaíocht a thabhairt do na margaí airgeadais, dúirt Christine Lagarde gur deacair a thuar cén chuma a bheas ar chúrsaí eacnamaíochta i réigiún an euro nuair a bheas an ghéarchéim sláinte thart.