skip to main content

Clann ag cur fúthu i siúntán ar son na mbocht san Afraic Theas

Clann Corkery taobh amuigh dá siúntán i gCeann Toirc
Clann Corkery taobh amuigh dá siúntán i gCeann Toirc

Tá clann i gCorcaigh ag maireachtaint i siúntán faoi láthair in iarracht airgead a bhailiú do leanaí bochta sna bailte cúnga san Afraic Theas atá ag fulaingt mar gheall ar na srianta dochta atá orthu le linn ghéarchéim seo an ghalair Covid-19.

Do thóg muintir Corkery an bothán, atá sé troithe ar a fhad agus deich dtroithe ar leithead, ar a bhfeirm in aice Cheann Toirc in iarthuaisceart Chorcaí seachtain ó shin. 

Tá an bothán tógtha le pailéid adhmaid agus miotal leatháin, ar aon dul leis na seantáin a fhaightear sna bailte cúnga. 

Tá saol an cheathrair sa bhothán á shruthlú beo ar líne de ló is d’oíche, iad ina gcodladh in aon leaba.

Go dtí seo, tá €11,500 bailithe ag Leah, Hollie, Nicola and Dillon agus raghaidh an t-airgead i dtreo pacáistí bídh agus sláintíochta a chur ar fáil do na leanaí bochta san Afraic Theas. 

Le blianta beaga anuas, tá an chlann páirteach in iarrachtaí Mellon Educate scoileanna a chur ar fáil i mbailte bochta na hAfraice Theas, ach i mbliana b’éigean an turas carthanachta go Cape Town a chur ar ceal de bharr Covid-19. 

Dúirt Hollie Corkery, atá seacht mbliana déag d'aois, go raibh fonn ar an gclann an díomá a bhí orthu faoin dturas a bheith curtha ar ceal a chur i leataobh agus bheartaíodar airgead a bhailiú i slí eile.

"Is deacair é a shamhlú ach b'fhéidir go mbeadh suas le seachtar nó ochtar ag maireachtaint i mbothán beag mar seo. Tá sé ana-dhian ar theaghlaigh agus an 'lockdown' seo ar siúl. Theastaigh uainn é sin a léiriú do mhuintir na hÉireann," a dúirt Hollie.

Siúntán san Afraic Theas

Tá 32 scoil tógtha nó athchóirithe san Afraic Theas ag Mellon Educate ó cuireadh tús leis an dtionscnamh i 2013.

Tá teacht ar an sruthlú beo ó bhothán mhuintir Corkery ar Facebook/ Leah Corkery.