skip to main content

"An iomarca daoine i seomra amháin in ionaid soláthar díreach"

Cúrsaí cóiríochta in ionaid soláthar díreach cáinte ag an Ombudsman
Cúrsaí cóiríochta in ionaid soláthar díreach cáinte ag an Ombudsman

Tá imní léirithe ag an Ombudsman Peter Tyndall faoi chomh mífheiliúnach agus atá cúrsaí cóiríochta in ionaid soláthar díreach na tíre i bhfianaise na géarchéime sláinte go háirithe. 

Dúirt an tOmbudsman go bhfuil triúr nó níos mó ó theaghlaigh dhifriúla in aon seomra sna hionaid soláthar díreach cé go bhfuil baol ann go bhfaighidh siad an coróinvíreas agus chomh tógálach agus atá sé.

Ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh inniu, dúirt Peter Tyndall gur tháinig ardú os cionn 10% anuraidh ar líon na ngearán a rinne daoine in ionaid soláthar díreach leis.

Baineann an tuarascáil leis an mbliain 2019 amháin agus rinneadh na gearáin sular tháinig an coróinvíreas chun cinn. 

Ghearáin daoine faoi bhfad atá caite acu sna hionaid agus faoi na deacrachtaí atá acu aon dul chun cinn a dhéanamh sa saol.