skip to main content

Daonlathaithe Sóisialta ag lorg tuilleadh eolais ó FF/FG

Daonlathaithe Sóisialta ag lorg tuilleadh eolais ó FF/FG
Daonlathaithe Sóisialta ag lorg tuilleadh eolais ó FF/FG

Thug na Daonlathaithe Sóisialta le fios inniu go bhfuil sé ag lorg tuilleadh eolais maidir leis an gcreatcháipéis a chuir Fianna Fáil/Fine Gael (FF/FG) faoina mbráid le súil iad a mhealladh isteach i gcomhrialtas.

Tá cúrsaí airgeadais ag déanamh imní dó. 

Iarrann na seisear teachtaí ón bpáirtí ar FF/FG soiléirithe a thabhairt maidir leis an mbealach a n-íocfar as na pleananna eacnamaíochta agus eile sa cháipéis, agus cén leibhéal iasachtaí a bheas i gceist.

Ábhar imní don pháirtí a deir sé an bhail a fhágfaidh Covid-19 ar eacnamíocht an domhain, agus cén stráitéis atá ag an Rialtas ina theannta seo.

Phléigh teachtaí an pháirtí an cháipéis ag cruinniú ar maidin.

Tá an chreatcháipéis á plé freisin inniu ag páirtithe an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas.