Tá comhlacht in oirthear Dhún na nGall a raibh ceathrar oibrithe - leathchuid den fhoireann - ligthe chun bealaigh acu de bharr ghéarchéim an choróinvíris ar ais i mbun oibre anois agus trealamh cosanta pearsanta d'oibrithe sláinte á dtáirgeadh acu.

Scáthláin chosanta aghaidhe atá na hoibrithe i gcomhlacht Sign Workx i gConbhaigh a dhéanamh anois. 

Dúirt úinéir an chomhlachta Dónall Ó Braonáin go raibh beirt chairde leis a bhfuil gaolta leo ag obair san earnáil sláinte imníoch faoin ghanntanas mór trealaimh chosanta phearsanta atá ann faoi láthair.

Múinteoirí atá sa bheirt chairde agus is iad a smaoinigh ar na scáthláin aghaidhe a dhéanamh.

Dúirt duine acu - Michéal McMenamin, múinteoir eolaíochta i Leitir Ceanainn - go bhfuil gaol leis ag obair in aonad dianchúraim ospidéil agus go bhfuil ganntanas mór ann.

As polapróipiléin agus aicéatáit a dhéantar na scathláin, nó na cealtair chosanta, agus tá ráchairt mhór orthu de bharr na héigeandála sláinte. 

Dúirt an Braonánach gur ón otharlann i Leitir Ceanainn, na hionaid tástála i Leitir Ceanainn agus i mBéal Átha Seanaidh, na haltraí ceantar agus na hionaid sláinte áitiúla atá na horduithe ag teacht. 

"Ó thoisigh muid Déardaoin seo caite, tá suas le 1,500 déanta agus beidh muid ábalta 300 go 500 sa lá a dhéanamh. Bhí ganntanas bunábhair ann ar tús ach tá tréan de sin ag teacht anois, agus fhad is a leanfaidh an t-éileamh leanfaidh muid orainn den obair," a dúirt sé. 

Níl an comhlacht ag déanamh brabúis as an obair seo ach tá leathanach GoFundMe bunaithe acu.