Dúirt an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur dóichí go gcoinneoidh an galar Covid-19 ag scaipeadh agus nach mbeidh sé d'acmhainn ag córas sláinte na tíre seo dul i ngleic mar ba cheart le gach cás.
Le seachtain, bhásaigh 150 duine leis an ngalar agus tá 30 duine sa ló á gcur in aonaid dianchúraim na n-ospidéal.
Suas go dtí oíche Dé Luain seo caite, bhí 224 duine curtha sna haonaid dianchúraim. Cailleadh 27 acu ó shin agus tháinig biseach ar 53 duine.
Fágann sin go bhfuil 144 easlán ag fáil cóir leighis sna haonaid dianchúraim, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí.
Tá an coróinvíreas tolgtha ag beagnach 1.5 milliún duine ar fud an domhain agus tá thart ar 90,000 tar éis bháis dá bharr, de réir figiúirí atá curtha i dtoll a chéile ag an áisíneacht nuachta AFP.
Dúirt an eagraíocht carthanachta Oxfam go bhféadfadh 500 milliún duine a bheith fágtha ar an trá fholamh mura ndéantar beart go práinneach ar son tíortha bochta.