Tá ómós tugtha go forleathan don fhidléir aitheanta Ben Lennon as Co Liatroma a fuair bás inné. Dúirt ceoltóirí éagsúla inniu gurbh fhear é a roinn a chuid ceoil agus eolais go fial le gach duine a chas leis.

Dúirt an fidléir agus iardhalta leis Oisín Mac Diarmada as Sligeach go raibh teacht i láthair ag Ben Lennon chomh maith le stíl cheoil a bhí álainn agus suimiúil.

B'as Coillte Chlochair i gCo Liatroma Ben Lennon.

Dúirt an fliúiteadóir Marcas Ó Murchú, arbh as Co. Liatroma a ghaolta féin, gur duine iontach lárnach ab ea Ben Lennon i dtraidisiún na fidléireachta i dtuaisceart Liatroma, in iarthar Fhear Manach agus i ndeisceart Dhún na nGall:

"Thug sé leis traidisiún saibhir na fidléireachta agus an tseanchais ó na seanfhidléirí. Dúirt sé liom go raibh corradh le caoga duine ina gcónaí sa cheantar a dtiocfadh leat dul ar cuairt acu agus seanchas agus fidléireacht a fháil uathu nuair a bhí sé óg.

Choinnigh Ben sin beo ina chloigeann - an seanchas agus na scéalta a bhain le ceoltóirí ina cheantar féin i Ros Inbhir. "

Dúirt Oisín Mac Diarmada ón ghrúpa Téada nach faoi anáil fhidléirí Liatroma amháin a tháinig Ben, mar gur éist sé chomh maith le taifid de na máistrí móra as Sligeach ar nós Michael Coleman agus James Morrison:

"Tá laoch mór na fidile Ben Lennon imithe uainn agus táimid fíorbhrónach faoi. Fós, caithfimid ceol agus pearsantacht Ben a cheiliúradh inniu mar bhí stíl fidile iontach álainn agus suimiúil aige.

Bhí pearsantacht iontach ag Ben, bhí an-teacht i láthair aige. Chuala mé féin ceol Ben den chéad uair ar an albam Dog Big Dog Little le ceoltóirí eile mar Shéamus Quinn, Ciarán Curran agus Gabriel McArdle.

Ina dhiaidh sin, bhí mé i mo dhalta óg ina rang ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gCo Liatroma sna nóchaidí agus múinteoir iontach a bhí ann. Bhí sé chomh cairdiúil agus chomh tuisceanach mar mhúinteoir."

Roinn Ben Lennon a thuiscint ar dhaltaí ag scoileanna samhraidh ó Liatroim go Co an Chláir agus ba mhinic a thugadh sé cuairt ar thábhairne Hughes sa Spidéal i gConamara, áit a bhfuil cónaí fós ar a dheartháir, an cumadóir aitheanta Charlie Lennon.

Dúirt an feadógaí stáin Mary Bergin go raibh saol fada ag Ben:

"Duine ceolmhar, álainn, cairdiúil agus greannmhar a bhí ann … i gcónaí sásta a chuid ceoil a roinnt le chuile dhuine.

Is cuimhin liom go maith na seisiúin agus an chraic a bhíodh againn anseo Tigh Hughes le linn an tsamhraidh nuair a bhíodh Ben agus a bhean Patsy anseo ar cuairt. Ní bheidh a léithéid ann arís. "

Sheinn Ben Lennon ar an fhidil ó bhí sé deich mbliana d’aois. I 1949, lean sé ceird a athar mar tháilliúir. Rinne sé staidéar ar an ghnó sin i Londain sular thosaigh sé ag obair i ngnólachtaí éadaí i Luimneach agus i gCorcaigh, agus níos déanaí i monarcha cháiliúil Magee’s i nDún na nGall.

Sa bhliain 2011, foilsíodh  leabhar faoina shaol The Tailor’s Twist le Fintan Vallely. An bhliain chéanna, ba mhór aige a ghradam saoil ó TG4.

Thaifead sé ceithre albam lena chlann agus le ceoltóirí óna cheantar.

Cronófar go mór é, ach go háirithe ina cheantar dúchais, fá bhruach Loch Meilbhe agus fá mhalaidheacha réidhe Ros Inbhir